Teastas IarchĂ©ime (LĂ©ann an AistriĂșchĂĄin)

Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha agus an aistriúcháin reachtaíochta. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, feileann an cúrsa seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.