MA (LĂ©ann an AistriĂșchĂĄin)
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den aistriúchán a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil in earnáil an aistriúcháin. Tabharfar léargas do na mic léinn ar shainghnéithe den aistriúchán. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna aistriúcháin is coitianta, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha, an aistriúcháin reachtaíochta, an aistriúcháin téacsleabhar, an aistriúcháin fotheidealúcháin agus na heagarthóireachta. Ina theannta sin, beidh modúil ina gcíorfar téacsanna aistriúcháin ó Fhraincis go Gaeilge ar fáil mar chuid den chlár. Cuirfear na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu i láthair na mac léinn—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe agus fotheidealúcháin ina measc.

