MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga)
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.
Cuirfear oiliúint ar fáil i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga: Cruinnscríobh na Gaeilge, Modheolaíochtaí Taighde, an Scríbhneoireacht Acadúil, agus gnéithe den Chumarsáid Ghairmiúil.

