<
×

🚀 We're Here to Assist You

Ard-DioplĂłma (Ghaeilge Fheidhmeach)

Is cúrsa dhá bhliain atá i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach atá dírithe go príomha ar mhic léinn a bhfuil céim onóracha bainte amach acu cheana féin i ndisciplín seachas an Ghaeilge ach atá ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú mar ábhar acadúil ag leibhéal 8.

 

Ag deireadh an chláir seo, beidh an mac léinn ábalta:

  • Ardchaighdeán Gaeilge idir labhairt agus scríobh (leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a léiriú;
  • Bunchoincheapa an bhéaloidis a mhíniú agus a léiriú; 
  • Léargas a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriúchán go Gaeilge agus ón nGaeilge;
  • Stair na meán traidisiúnta agus comhaimseartha a phlé;
  • Anailís chriticiúil a dhéanamh ar théacsanna liteartha;
  • Dioscúrsa acadúil a chur i láthair i bhfoirm scríofa i nGaeilge.