Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO])

Is clár máistreachta, dhá bhliain lánaimseartha in oideachas tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaeilge atá sa Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), a ullmhaíonn múinteoirí ábhar don earnáil iarbhunscoile lán-Ghaeilge. Tá an-tóir ar chéimithe an chláir agus iad fostaithe i nGaelcholáistí agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre agus i scoileanna ar fud an domhain. Tá sé aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta mar chlár oiriúnach chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn agus san AE.

 

Fís an MGO 

Samhlaítear an Máistir Gairmiúil san Oideachas mar eiseamláir ceannrodaíoch i bhfás agus i bhforbairt na hearnála oideachais lán-Ghaeilge in Éirinn. 

 

Misean an MGO 

Is é misean an Máistir Gairmiúil san Oideachas ná múinteoirí ar ardchaighdeán Gaeilge a sholáthair don earnáil Lán-Ghaeilge:

  • atá inniúil agus oilte
  • le feasacht ar na cuir chuige le teagasc trí Ghaeilge / FCÁT
  • atá machnamhach agus cruthaitheach agus a bhunaíonn a gcleachtas ar thaighde
  • atá fréamhaithe i bpobal na scoile agus a chuireann go dearfach leis an bpobal agus leis an sochaí i gcoitinne.