MA/Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)

Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: beidh deis agat tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach. Ar an gcaoi sin gheobhaidh tú taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d’ardáin ilmheán, agus tú ag feidhmiú mar ‘chleachtóir machnamhach’ sa mhórchraoltóir náisiúnta.

 

Láithreacha an Chláir
Reáchtálfar an clár trí mheán na Gaeilge in ionaid éagsúla de chuid Ollscoil na Gaillimhe, agus go cianda tríd an bhfoghlaim chumaisc. Sa chéad seimeastar beidh tú lonnaithe san iarthar: ar champais Ollscoil na Gaillimhe; i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus i stiúideo nuachta RTÉ i mBaile na hAbhann. (Ag brath ar éileamh, d’fhéadfá a bheith lonnaithe ar feadh tréimhse i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, sna Doirí Beaga nó i mBaile na nGall, de réir mar a fheileann.) Sa dara seimeastar beidh tú lonnaithe in oirthear na tíre, in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath. Sa tríú seimeastar cuirfidh tú tionscadal taighde féinstiúrtha (tráchtas scríofa nó tionscadal taighde praiticbhunaithe) i gcrích as láithreacha éagsúla. Mar chuid den fhoghlaim chumaisc agus ar líne cuirfear ceardlanna rialta ar fáil.